Mole An Oige 1

Mole An Oige 1

Regular price
€28,45
Sale price
€28,45
Regular price
Sold out
Unit price
per 

Tagann Mol an Óige 1 (Bliain a 1) go hiomlán le Sonraíocht Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T2), Creat na Sraithe Sóisearaí agus na Treoirlínte Measúnaithe don Ghaeilge.

  • Tosaíonn gach aonad le píosa litríochta as a n-eascraíonn téama an aonaid.
  • Tosaíonn gach rannóg le liosta Torthaí Foghlama a bhaineann leis na trí shnáithe; is iad seo na torthaí cuí i gcás na rannóige sin.
  • Tá na Torthaí Foghlama briste síos ina gcuspóirí foghlama atá éasca do na daltaí a thuiscint.
  • Scagann gach aonad an téama cuí le réimse tarraingteach gníomhaíochtaí a áiríonn na cúig scil a chuidíonn le Cumas Cumarsáide an dalta: éisteacht,léitheoireacht, ginchumas labhartha, idirghníomhaíocht labhartha agus scríbhneoireacht.
  • Cuireann na rannóga Cur i Láthair ábhar, foclóir agus modhanna ar fáil do na daltaí a chuideoidh leo cur i láthair a dhéanamh ar réimse topaicí.
  • Déantar tagairt don Measúnú chun Foghlama (McF) go rialta (féinmheasúnú, obair bheirte, obair ghrúpa, etc.).
  • Déanann daltaí gníomhaíochtaí a leagann an bhunsraith don Mheasúnú Rangbhunaithe a dhéanfaidh siad i mBliain a 3.
  • Is féidir leis na daltaí féinmheasúnú a dhéanamh le linn na foghlama leis na seicbhoscaí ‘Féinfheasacht an fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’, rud a ligeann dóibh cúnamh a lorg nó a ndul chun cinn a roinnt leis an múinteoir.
  • Pléitear gnéithe éagsúla de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta sna haonaid.
  • Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite sna haonaid ar fad, agus tá aonad gramadaí ann freisin a chinntíonn feasacht teanga.
  • Tá tascanna agus gníomhaíochtaí Punainne ar fáil i ngach aonad le go mbeidh na daltaí in ann an méid atá foghlamtha acu a úsaid agus machnamh a dhéanamh ar a dturas teanga.
Tax included. Shipping calculated at checkout.

Customer Reviews

No reviews yet
0%
(0)
0%
(0)
0%
(0)
0%
(0)
0%
(0)