Caint is Comhrá 6

Caint is Comhrá 6

Regular price
€25,40
Sale price
€25,40
Regular price
Sold out
Unit price
per 

s é Caint is Comhrá 6 an dara leabhar as péire i gCéim a Ceathair den chlár Caint is Comhrá. Tagann an clár seo go hiomlán le riachtanais Curaclam Nua Teanga na Bunscoile.
Cumadh na scéalta i ngach aonad go cúramach sa chaoi is go bhfaigheann na páistí taithí ar réimse leathan de na seánraí léitheoireachta. Tá na scéalta céimnithe, rud a éascaíonn dul chun cinn i rith na scoilbhliana.

  • Tá cúig aonad déag agus trí aonad súil siar i ngach Príomhthéacsleabhar.
  • Scríobhadh gach gné den chlár le cinntiú go bhfuil gach cuid den aonad comhlántach agus i gcomhthéacs.
  • Leagtar béim ar na heochairfhocail tríd an gclár ar fad.
  • Tacaíonn réimse iontach de ghníomhaíochtaí idirghníomhacha ar líne leis na pointí foghlama atá i ngach aonad, ar bhealach spraíúil, spreagúil.
  • I ngach aonad tá pointí múinteoireachta agus gníomhaíochtaí treoraithe, a dhéanann forbairt ar aithint focal, tuiscint, fónaic, forbairt teanga ó bhéal, gramadach, litriú agus na seánraí scríbhneoireachta.

 Portfóilió ag dul le Caint is Comhrá 6. Treisíonn an Portfóilió an tuiscint, an foclóir, an staidéar ar fhocail/fónaic, an ghramadach agus an litriú atá déanta sa Phríomhthéacsleabhar.

  • Clúdaíonn an Portfóilió na seánraí scríbhneoireachta uile. Is gné ar leith é sin.
  • Tá na seánraí scríbhneoireachta ar fad múnlaithe sa chaoi is gur féidir iad a úsáid ar an gclár bán idirghníomhach.
  • Taispeánann an Portfóilió taifead soiléir d’obair an pháiste i rith na bliana.

Tá leabhrán do Mheasúnú ar Phróifíl Aonair ar fáil freisin chun taifead a choinneáil ar dhul chun cinn an pháiste.
I nótaí an mhúinteora a théann le Caint is Comhrá 6 tá scéim chuimsitheach seachtain ar sheachtain, mí ar mhí, ina dtugtar cuntas ar na gnéithe ar fad atá mhthéacsleabhar agus sa Phortfóilió.”

 

Tax included. Shipping calculated at checkout.

Customer Reviews

No reviews yet
0%
(0)
0%
(0)
0%
(0)
0%
(0)
0%
(0)